Seachtain na Gaeilge

☘️🇮🇪Seachtain na Gaeilge ☘️🇮🇪
Cheiliúramar Seachtain na Gaeilge i bPobalscoil Bhéal an Átha Móir i mbliana le himeachtaí éagsúla sna ranganna Gaeilge agus Eacnamaíocht Bhaile i rith na seachtaine. Ina measc bhí Tráth na gCeist, Comórtas na bPostaer, céillí agus scannán Gaeilge. Sa rang eacnamaíocht bhaile rinne na daltaí arán sóide traidisiúnta agus rinne siad tráchtaireacht de i nGaeilge. Bhain gach duine taitneamh as na himeachtaí le linn na seachtaine. Beatha teanga í a labhairt!
Share this: